Gan Toradh ar Bith!

Do chuardach - Metropolitan Museum of Art - níor mheaitseáil seo acmhainn ar bith.

An Músaem Ealaíne Meitreapholaiteach

Músaem ealaíne in Manhattan, Cathair Nua-Eabhrac, is ea an Músaem Ealaíne Meitreapholaiteach (Béarla: ''Metropolitan Museum of Art''), giorraithe uaireanta mar an Met. Tá sé ar cheann de na músaeim is mó clú agus ráchairte air ar Domhan. Tá an músaem suite i lár Manhattan ar thaobh thoir Central Park, ar an gcuid d'Ascaill a Cúig ar a dtugtar "Míle na Músaem", in aice Sráid 82. Osclaíodh é don phobal mór ar 20 Feabhra 1872.

mion|clé|An bealach isteach san mhúsaem

Tá breis agus 2 mhilliún mír ealaíne ón domhan uilig i mbailiúchán an mhúsaeim. I measc na seoda ealaíne sa mhúsaem tá saothair ón aois chlasaiceach, ón tSean-Ghréig agus ón gCipir go háirithe. Tá péintéireachtaí agus dealbha de chuid ardmháistrí na hEorpa go léir, nach mór ann. Orthu siúd tá Raphael, Tiziano, el Greco, Rembrandt, Velázquez, Pablo Picasso, Georges Braque, Jackson Pollock agus araile. Tá bailiúchán mór d'ealaíon na Stát Aontaithe ann chomh maith. mion|clé|Liam Dobhareach, deilbhín Éigipteach ón mbliain 1185 RC agus sonóg neamhfhoirmeálta de chuid an mhúsaeim Curtha ar fáil ag Wikipedia