John Doherty

Ba fhidléir Éireannach é John Doherty (1900 – 26 Eanáir, 1980).

Rugadh John Doherty in Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall. Rugadh é sa bhliain 1900, agus ba de chlann cháiliúil de chuid an lucht siúil é, daoine a d'oibrigh mar ghaibhne stáin agus mar thrádálaithe capall. Thángthas ar a theastas breithe le blianta beaga anuas, agus tuigtear uaidh sin gur sa bhliain 1900 a rugadh é, in áit 1895, rud a ndearnadh taifead go hearráideach de i roinnt foilseacháin éagsúla. Fidléir a bhí in athair s'aige, Mickey Mór, fosta, agus bhí cúpla duine eile dá chuid deartháireacha agus dá chuid deirfiúracha a bhí ábalta ar an fhidil a bhualadh. Phós Mickey Mór Mary McConnell, amhránaí (a raibh cáil ar a deartháireacha Alec agus Mickey mar cheoltóirí i nDeisceart Dhún na nGall). Bhí naonúr páistí acu, agus ba é John an duine ab óige sa chlann. In agallamh a rinne sé sna 1970idí dúirt sé go raibh air a bheith ag cleachtadh i scioból nuair a bhí sé ina dhéagóir, nó ní raibh cead aige an fhidil a bhualadh i gcomhluadar a thuismitheoirí go dtí go raibh máistreacht aige ar ''"Bonny Kate"''. Chuala sé taifeadtaí de James Scott Skinner agus rinne sé aithris ar an stíl a bhí aige. Bhí sé de nós ag a dheartháir, Mickey, an fhidil a bhualadh i stíl a bhí cosúil leis an stíl a bhí ag Michael Coleman. Rinneadh taifeadtaí de Mickey fosta, agus tá sé le cluinstin ar an albam ''"The Gravel Walks"''. Curtha ar fáil ag Wikipedia
Showing 1 - 1 results of 1 for search 'Doherty, John', am an iarratais: 0.01s Refine Results
1
Údair Eile: ...Doherty, John...
Leabhar